CONTACT |   PREAS |  ÚSÁID GHAIRMIÚIL |  NUACHT
PHONES | GPRS |  RÁITEAS PRÍOBHÁIDEACHAIS |  TÉARMAÍ AGUS COINNÍOLLACHA | TERMS OF DELIVERY | ABOUT US
© 2008 Nav4All B.V. All rights reserved. | www.nav4all.com

 PREAS
Scaoileadh preasa

Tá soláthraí córais turais nua ag cur forrán ar na córais turais atá ar fáil faoi láthair.
Saor in aisce faoi láthair...

Tá an margadh do theicníochtaí turais ag athrú i gcónaí. I dtosach báire, bhí gach comhlacht ag forbairt a gcórais thurais bunaithe ar chórais costasacha ar-bord, agus ansin phléasc an TomTom Ollannach ar an margadh le gléas iniompartha níos eacnamaíocha.
I rith tamaill bhig, d'éirigh an TomTom an-coitianta i measc infheisteoirí. Tar éis don TomTom a chur ar díol, d'fhás an comhlacht go han-tapaidh.
Agus anois, ní hé amháin go bhfuil iontas ar TomTom, comhlacht atá luaite ar an stocmhargadh, ach tá iontas freisin ar gach comhlacht eile a sholáthraíonn córais thurais, toisc go bhfuil córas turais nua ar fáil atá i bhfad níos fearr agus níos eacnamaíochta, agus atá saor in aisce freisin faoi láthair, sé sin Nav4All.

Ag úsáid an chórais turais ar do ghuthán gluaisteach.

Tá straitéis fíorshimplí nua á leanúint ag Nav4All: ní gá aon chrua-earraí a bheith agat, ach amháin guthán gluaisteach agus glacadóir GPS.
Seasann an córas seo do shimplíocht. Roghnaíonn an úsáideoir ceann cúrsa ar a ghuthán gluaisteach. Ansin téann an guthán gluaisteach i dteangmháil leis an bpríomhríomhaire, a leagann amach an bealach i gceann cúpla soicind, agus a sheolann an bealach seo go dtí an guthán gluaisteach. Ansin, is féidir leis an taistealaí a thuras a thosnú.
Ní gá go mbeadh ach guthán gluaisteach agus glacadóir GPS ag taistealaí sa lá atá inniú ann, gléasanna nach bhfuil níos mó ná 150 gram ar fad orthu.

Agus anois, maidir lena phointí eile, tá an córas nua fíorshimplí: Ní úsáidtear léarscáileanna mionchruinne, ach tá saighead shimplí ar an scáileán a thaispeánann duit go bhféadfá leanúint ar aghaidh go díreach, go bhféadfá casadh ar dheis, agus lána a roghnú ar bhóthar le níos mó ná dhá lána ann (ní féidir leat é seo a dhéanamh in alán córais eile). Ciallaíonn leath-ciorcal ar an mbealach go mbeidh tú ag dul trí thimpeallán, agus go mbeidh tú ag tiomáint ar aghaidh go díreach.
Úsáideann an córas treoracha simplí ionas nach gcuirtear isteach ar an tiomáint. Tá na treoracha níos éasca a thuiscint nuair a bhíonn siad simplí agus glan soiléir. Ina theannta sin, imíonn na hamhrais agus na braiteoireachtaí go léir a bhíonn agat faoin mbealach a leagadh amach, cosúil le sneachta sa samhradh, mar cuirimid treoracha soiléir ar fáil atá éasca a thuiscint.
Sin é an fáth nach n-úsáidtear eolas neamhriachtanach sa chóras. Má bhíonn bealach amach 30 ciliméadar uait, ní inseoidh an córas é seo duit, ach inseoidh sé duit, leanúint ar aghaidh go díreach…
Do dhaoine gur fearr leo éisteacht le guth seachas féachaint ar an taispeántas, is féidir leo Nav4All a chloisteáil i 55 teanga agus i níos mó ná 100 guth difriúil.
Úsáideadh an bheartaíocht céanna anseo freisin. Ní chuirtear eolas neamhriachtanach ar fáil; ní thaispeánann an córas ach eolas iomchuí. Fíorshimplíocht .

Gan costais, gan teorainneacha…

Baineann na córais thurais is cáiliúla le crua-earraí atá costasach go leor, agus tá suibscríbhinní bliantúla daor go leor ar fáil uathu chun seirbhísí bealaigh a rochtain. Ina theannta seo, níl mórán seirbhísí ar fáil don úsáideoir.
Ní bhaineann na haistarraingtí seo le Nav4All, an soláthraí nua sa mhargadh, mar tá guthán gluaisteach ag an gcuid is mó de dhaoine cheana. Is gléas buntáisteach é an glacadóir GPS agus tá sé éasca ceann a cheannach, cé nach mbíonn ort aon taille suibscríbhinne a íoc faoi láthair go dtí an 01-01-2010.
Meastar go mbeidh ort idir € 0.50 agus cúpla Euro a íoc gach mí, chun suibscríbhinn a cheannach do chlúdach turais domhanda. Beidh suibscríbhinn saor in aisce ar fáil freisin.

Conas do sheanchóras a nuashonrú.

Is féidir le daoine a úsáideann TomTom, Wayfinder, Route 66, Activepilot, Co-pilot, agus alán córais thurais eile, sochar a bhaint as na buntáistí a bhaineann leis an soláthraí nua. Is féidir na crua-earraí, a sholáthraíonn na soláthraithe eile, a úsáid mar glacadóir GPS Bluetooth don chóras nua. Má úsáideann daoine Nav4All, agus má bhíonn ‘seanchórais‘ acu, gheobhaidh siad nuashonruithe bealaigh saor in aisce, chomh maith le réimse oibre, a chlúdaíonn an chuid is mó den domhan, lena mbeidh siad ábalta turais a phleanáil.

Níl Nav4All ar fáil sna siopaí.

Níl Nav4All ar fáil sna siopaí, rud atá éasca a thuiscint mar go bhfuil sé saor in aisce…
Is féidir leat an córas turais nua seo a íoschóipeáil saor in aisce ón Idirghréasán nó trí SMS a fháil ó úsáideoir eile.
An t-aon rud amháin a iarrtar ar an úsáideoir ná go gcláródh sé. Úsáidtear an guthán gluaisteach arís chun é seo a dhéanamh.

Mistéir.

Is tionscnamh Ollannach é Nav4All. Ní hionadh ar bith é, mar bhí na hOllanaigh, a bhí i measc na céad daoine a chuaigh ag seoladh, in ann an mistéir a bhaineann le athrú bun na spéire a réiteach. D'fhorbair siad loingseoireacht agus bhí siad in ann í a fhoirbhiú do leibhéal nach bhfacthas riamh.
Dá bhrí sin, ní comhtharlú é gur bunaíodh an dá chomhlacht seo TeleAtlas agus NAVTEQ ar dtús san Ísiltír, comhlachtaí a sholáthraíonn an t-eolas cairtghrafach domhanda a úsáideann gach córas turais, bhunaigh Phillips, comhlacht Ollanach, an comhlacht deireanach a luadh, sé sin NAVTEQ.
Úsáideann Nav4All teicneolaíocht léarscáile NAVTEQ.