|
Nav4All Worldwide Mobile Phone Navigation and Tracking & Tracing FAQ 1. Níl aon GPS agam...Is féidir leat ceann a cheannach i do shiopa gutháin nó i do shiopa leictreach áitiúil nó in ár siopa féin. 2. Muna gceannaím GPS? Ansin, is féidir leat bealaí a íoschóipeáil le Nav4All. Ach, ní féidir linn tú a threorú ar feadh an bhealaigh. Caithfidh tú féin na treoracha a rochtain agus a leanúint. 3. Tá córas turais agam cheana féin. Cén fáth go n-aistreoinn go Nav4All? Mar tá turais ó Nav4All saor in aisce agus oibríonn an córas beagnach ar fud an domhain go léir. Chomh maith leis sin, athnuaítear na sonraí turais beagnach gach lá agus níl aon chostas ort in aon chor! 4. Cén fáth go bhfuil mo sheanchóras turais fós ag teastáil uaim? Ag brath ar an sórt córais, is féidir leat é a úsáid mar do ghlacadóir GPS. 5. An bhfuil mé ceangailte leis an ríomhaire Nav4All an t-am ar fad agus mé ag pleanáíl mo thurais? Níl tú, ach amháin chun do bhealach a phleanáil, tógann sé níos lú na cúpla soicind de gnáth. Más gá duit do bhealach a athrú toisc gur athraigh tú do phleananna nó toisc gur thug tú neamhaird ar na treoracha, bheadh ort glaoch a chur ar an ríomhaire Nav4All le do ghuthán arís. 6. Cad iad na costais theilechumarsáide atá ag baint leis? I gcomparáid le saghasanna eile de thrácht teilechumarsáide, is beag iad na costais theilechumarsáide Nav4All. Tá siad i bhfad níos lú ná na praghasanna atá ar fáil ó sholáthraithe seirbhíse turais eile. 7. Cén fáth go bhfuil Nav4All saor in aisce? Mar ba mhaith linn eolas a thabhait duit faoi cháilíocht ár seirbhíse. Sa t-slí sin, ní bheidh aon suim agat dul ar ais go dtí na córais eile, fiú má bhíonn ort táille bheag bhliantúil a íoc dár seirbhísí. 8. Níl córas turais ag teastáil uaim ach amháin i rith mo laethanta saoire ... Ansin, ba mhaith linn a bheith i do threoraí turais agus tú ag taisteal go dtí do cheann scríbe saoire agus fad is a bheidh tú ann. Chomh luath agus a bhíonn ort íoc as ár seirbhisí, is féidir leat suibscríbhinní a fháil ar feadh seachtaine amháin nó níos mó do chúpla Euro nó Dollar. Tá níos mó buntáistí ag baint leis seo ná suibscríbhinn bliantúil a chosnaíonn ó $10 go $25. 9. Cén fáth nach bhfuil deasc chabhrach ag Nav4All? Toisc go bhfuil ár gcóras simplí agus iontaofa. Ina theannta sin, bheadh orainn táillí níos airde a a lorg dá mbeadh deascanna cabhracha againn in alán tíorthar agus i 50 teanga (agus níor mhaith linn é sin a dhéanamh). 10. Uaireanta ní oibríonn an córas go héifeachtach. Tarlaíonn sé seo beagnach i gcónaí de bharr tosca timpeallachta a chuireann cosc ar an GPS an áit cheart a chomhaireamh. Mar shampla, is féidir le duilliúir dlúth ar na crainn, nó gaireacht aille arda carraigeacha cur isteach ar an gcomhartha satilíte. Tiomáin ar aghaidh go dtí go n-athbunaítear an nasc. 11. I gceantair nach n-oibríonn mo ghuthán gluaisteach....? Fadhb ar bith – leanfaidh an córas ar aghaidh ag tabhairt treoracha duit dá mba rud é gur thosaigh tú ag pleanáil do thurais sular tháinig tú ar an bhfolús gutháin. Ní gá duit ach nasc gutháin a bheith agat ar feadh roinnt soicind roimh tús an fholúis. 12. Lig do do ghuthán a bheith i do threoraí. |
CONTACT |
PREAS
|
ÚSÁID GHAIRMIÚIL
|
NUACHT
PHONES | GPRS |
RÁITEAS PRÍOBHÁIDEACHAIS
|
TÉARMAÍ AGUS COINNÍOLLACHA
| TERMS OF DELIVERY | ABOUT US
© 2009 Nav4All B.V. All rights reserved. | www.nav4all.com