CONTACT |   PREAS |  ÚSÁID GHAIRMIÚIL |  NUACHT
PHONES | GPRS |  RÁITEAS PRÍOBHÁIDEACHAIS |  TÉARMAÍ AGUS COINNÍOLLACHA | TERMS OF DELIVERY | ABOUT US
© 2009 Nav4All B.V. All rights reserved. | www.nav4all.com

 TÉARMAÍ AGUS COINNÍOLLACHA


TÉARMAÍ AGUS COINNÍOLLACHA DO ÚSÁID NAV4ALL

CLICEÁIL AR AN GCNAIPE
GLAC LEIS” CHUN GLACADH LEIS NA TÉARMAÍ AGUS NA COINNÍOLLACHA NAV4ALL SEO A LEANAS:

1. Is áis loingseoireachta é Nav4All, gur féidir leat úsáid a bhaint as go dtí an 01-01-2010. Úsáidtear Nav4All ar bhunús “mar áta sé” (sé sin, an t-slí ina n-oibríonn sé) nach bhfuil aon ráthaíocht ag teacht leis, go páirteach mar oibríonn Nav4All le sonraí faoi sholáthraithe, ag cur san áireamh NAVTEQ. Úsáideann tú Nav4All ar do phriacal féin. Beidh tú freagrach as d'iompar tiomána féin.

2. Glacann tú gur le Nav4All B.V. agus/nó a soláthraithe na cearta go léir do Nav4all (ag cur san áireamh na cearta maoine intleachta go léir).

3. Ní bheidh Nav4All B.V. agus a soláthraithe freagrach as aon damáiste a tabhaíodh go díreach nó go neamhdhíreach ó úsáid Nav4All. Leis seo, soláthraíonn tú lán-slánaíocht do Nav4All B.V. agus a sholáthraithe ó gach éileamh tríú páirtí a bhaineann leis an t-slí ina n-úsáideann tú Nav4All.

4. Rialaítear do chomhbhaint le Nav4All B.V. le dlí Ollannach. I gcás diospóide idir tú féin agus Nav4All B.V. (seachas na hinstitiúidí breithiúnacha taobh amuigh den Ísiltír a cheapadh ar bhonn dlíthe agus rialacháin áitiúla, cúigeacha, náisiúnta agus/nó idirnáisiúnta) cuirfear é roimh na cúirte oiriúnach a bhfuil dlínse aici in Amsterdam, an Ísiltír. Forchoimeádann Nav4All B.V. aige féin áfach an ceart imeachtaí faoisimh eatramhacha a thionscnamh in aon tír.

5. Tá Nav4All á fhorbairt i gcónaí. Tá cead againn Nav4All a athrú nó feabhas a chur air gan é a fhógairt roimh ré. Ba cheart duit an leagan is déanaí a úsáid i gcónaí.

6. Leagadh na téarmaí agus coinníollacha seo amach in Ollannais ar dtús, agus aistríodh iad i mhóran teangacha. Beidh an forlámhas ag an leagan Ollannach i gcás aon neamhréirteach idir an leagan tosaigh agus an aistriúchán.

NÁ SUITEÁIL NAV4ALL MUNA N-AONTAÍONN TÚ LEIS NA TÉARMAÍ AGUS NA COINNÍOLLACHA DO ÚSÁID NAV4ALL.